|
Tá Bord Fiontraíocht
Phort Láirge tiomanta le seirbhís den scoth a chur
ar fáil dá gcustaiméirí, do dhaoine
aonaracha eile nach iad agus do eagraíochtaí a chuireann
tuairisc ar sheirbhísí an Bhoird. Tá an saghas
seirbhíse atá le fáil leagtha amach sa Cháirt
Custaiméara againn.
Bíonn foireann an Bhoird ar a ndícheall
le seirbhís den scoth a chothú agus a fheabhsú
agus le leibhéal na ngearán a choimeád comh
híseal agus is féidir. Ach admhaíonn an bord
gur féidir gur deineadh botún ó am go ham agus
b`fhéidir gur bhraith an custaiméir go raibh caighdeán
na seirbhíse níos lú ná mar ba chóir.
Má bhíonn custaiméir mí-shásta
leis an tseirbhís a gheibhtear, ba chóir é
sin a chur in iúil don Bhord comh luath agus is féidir
agus a fhios a bheith aige go ndéanfaí déileáil
leis fé rún.
Tá an Bord tar éis córas déanta
gearán a chur i bhfeidhm don chustaiméir a dhéanann
gach iarracht deimhin a dhéanamh de go ndéanfaí
an gearán a láimhseáil i slí cothrom,
cóir agus oscailte.
Córas Déanta Gearán :
· Ag brath ar an saghas gearáin is
féidir go mbeadh sé riachanach don ghearánaí
an gearán nó sonraí ina thaobh a chur i scríbhinn
go dtí an Bord.
· Cuirfear litir admhála amach, ag dearbhú
gur bhfuiltear tar éis an gearán a fháil, laistigh
de chúig lá oibre tar éis don litir teacht.
· Deánfidh an Bord gach gearán a iniúchadh
agus a mheá agus freagra a chur amach laistigh de choicís
tar éis don ghearán teacht isteach. I gcásanna
nuair nach féidir an sprioc seo a bhaint amach cuirfear tuarascáil
eatramhach amach á chur in iúil conathaobh go bhfuil
moill ar an bhfreagra.
· Dá mba go mbeadh an custaiméir fós
mí-shásta, d`fhéadfadh sé scríobh
go dtí an Promhfheidhmeannach ag iarraidh air an t-ábhar
a chur os comhair an chathaoirligh agus an Bhoird ag an gcéad
ghnáth-chruinniú eile den Bhord.
· Seolfear cinneadh an Bhoird i dtaobh an ghearáin
i scríbhinn go dtí an gearánaí laistigh
de sheacht lá oibre i ndiaidh an chruinnithe seo.
An Caighdeán chun Déileáil
le Gearáin
· Déanfar an gearán agat a
láimhseáil le cothromaíocht agus go neamhchlaonta
agus comh fada agus is féidir, faoi rún.
· Ní dhéanfaidh an gníomh chun gearán
a dhéanamh pioc ar bith difir ina dhiaidh sin agus tú
ag déileáil leis an mBord as sin amach.
· I gcásanna nuair atáthar tar éis earráid
a dhéanamh, déanfar leithscéal a ghabháil
agus miniú a thabhairt agus déanfar gach iarracht
an cheist a chur ina cheart.
· I gcásanna nuair a dhéanann an gearánaí
easnaimh i bpróiseais agus imeachtaí an Bhoird a thabhairt
chun solais, déanfar gach iarracht an t-ábhar a cheartú
comh tapaigh agus is féidir.
|