| Tá Bord
Fiontraíochta Chathair Phort Láirge tiomanta le seirbhís
den scoth a sholáthar dá gcustaiméirí
i slí éifeachtach agus gairmiúil.
Cumarsáid :
Leanaigh an Bord ag déanamh monatóireachta ar a chóras
cumarsáide le deimhin a dhéanamh de go mbeidh rogha
leathan de shlite cumarsáide, ag custaiméirí
an Bhoird agus ag an bpobail trí chéile leis an mBord.
- Cuirfear fáilte dhea-mhúinte roimh
chuairteóirí go dtí oifigí an Bhoird.
Iad siúd atá tar éis coinne a dhéanamh
roimh ré le ball den fhoireann, déanfar iad a fheiscint
gan mhoill agus má`s gá go príobháideach.
- Déanfaidh an Bord admháil laistigh
de chúig lá oibre le gach litir a gheibhtear agus
déanfar gach iarracht é a fhreagairt laistigh de
choicís. Muna féidir deileáil leis an scéal
laistigh den tréimhse sin déanfar freagra eatramhach
a sheoladh.
- Déanfaidh an Bord gach iarracht glaonna
fóin a fhreagairt taobh istigh de cheithre bhualadh.
- Déanfar gach ríomhphost a chuirtear
go info@waterfordceb.com
a admháil go pras agus cuirfear ar aghaidh é go
dtí an ball foirne ábhartha lena phróiseasáil.
- Déanfaidh an Bord an suíomh idirlín
www.waterfordceb.com
a choimeád suas chun dáta ar bhonn rialta, ag déanamh
deimhin de go mbeidh an t-eolas atá ann ceart agus tráthúil.
- Bainfear an Bord feidhm as bileógaí
eolais atá áisiúil don úsádire
le scéal seirbhísí an Bhoird a scaipeadh.
Gearáin :
Tá Bord Fiontraíochta Phort Láirge tar éis
cáipéis a dhearadh, ag cur in iúil conas gearán
a dhéanamh agus an modh oibre a úsáitear chun
gearán a láimhseáil.(clic anseo)
· Déanfar gearáin a admháil
laistigh de sheachtain amháin.
· Déanfar an gearán a fhreagairt laistigh de
choicís. I roinnt cásanna fé leith d`fhéadfaí
tuarascáil eatramhach a bheith riachtanach.
· Cuirfear sonraí an ghearáin os comhair an
Bhoird
Faisnéis :
Déanfaidh foireann an Bhoird gach iarracht tú a chur
ar an eolas faoi gach seirbhís agus tacaíocht a chuireann
an mBord ar fáil, agus faoi réir na gcritéar
coinníollach, go mbeadh fáil agat ar na seirbhísi
agus tacaí céanna.
Rochtain :
Admhaíonn an Bord go bhfuil a gcuid custaiméirí
i dteideal a ngnó a dhéanamh leis an mBord go príobháideach
agus faoi chompord. Déanfar deileáil, le gach sonra
faisnéise idir phearsanta agus ghnó a chuirtear ar
fáil ag an gcustaiméar, faoi rún.
Beidh teacht ag an gcustaiméar ar ainmneacha bhaill na foirne
a bhfuil sé/sí ag deileáil leo.
Faoi réir ríomhcheangaltas, idir
chruinnithe, shaoire bliantúil agus araile, beidh an fhoireann
ar fáil in oifigí an Bhoird ó 9.00 r.n. go
dtí 5.00 i.n., Luan go hAoine. I gcásanna fé
leith beidh an fhoireann toilteanach bualadh le custaiméirí
lasmuigh de na uaireannta seo.
Leibhéal Maoinithe :
Deontais Fhostaíochta :
Uasdheontas de € 7,500 an post lán-aimsearach cruthaithe,
suas go dtí € 75,00 in airde lán, do gach tionscadal
aonarach.
D`fhéadfadh meascán de dheontais inaisíoctha
agus deontais neamh-inaisíoctha a bheith i gceist.
Deontais Chaipitil :
Uasfhigiúir de 50 % de chaiteachas incháilithe caipitil
agus infheistíochtaí eile, nó €75,000
pé acu is lú.
Beidh cúnamh i bhfoirm deontais atá
níos mó ná 35 % i gcruth inaisíoctha
agus an t-aisíoc le déanamh thar tréimhse 5
bliana nó níos lú. Ní bheidh an ráta
úis níos airde ná 6 %.
|