Cuireadh Bord Fiontraíochta Chathair Phort Láirge ar
bun i mí Dheireadh Fómhair 1993 ag an Aire Fiontar Trádála
agus Fostaíochta. Is siad na príomh-chuspóirí
a cuireadh os comhair an Bhoird ná na deiseanna fostaíochta
agus oibre laistigh de chathair Phort Láirge a chur ar aghaidh
trí :
- Plean gníomhaíochta don fhiontraíocht
áitiúil a chumadh.
- Feasacht áitiúil fiontraíochta
a chruthú agus sa tslí sin cultúr fiontraíochta
a fhorbairt.
- Ag soláthar tacaíocht airgeadais
do dhaoine aonaracha agus do dhreamanna logánta poiblí
agus dá réir ag tabhairt cúnaimh do mhion-tionscadail
fhiontraíochta san earnáil tráchtála.
- Leithdháileadh foinsí maoinithe
poiblí, príomhbháideacha agus ón A.E.,
a stiúiriú i dtreo an fhiontair bhig
Tá gníomhaíochtaí an
Bhoird teoranta do thionscadail nach bhfuil níos mó
ná deichniúir fostaithe acu. Is féidir don
Bhord cabhrú le tionscadail idir thionscadail nua-thosnaithe
agus thionscadail gnó atá ag méadú agus
atá ag obair sna earnálacha déantúsaíochta,
céirde, turasóireachta, nó bia agus seirbhíse.
|