|
I mí Dheireadh Fómhair
1991 chuir Eddie Butler B & G Enamelling ar bun chun comharthaí
tí agus sráide a tháirgeadh. Comharthaí
déanta de iarann teilgthe agus críochnaithe le dromchla
cruain a bhí i gceist. Sna laethanta tosaigh bhí B&G
ag feidhmiú ar bhonn páirt-aimsireach. D`fhás
an gnó diaidh ar ndiaidh go dtí an pointe nuair a
mheas sé gurbh fhéidir é a bhunú ar
bhonn lán-aimsearach. I 1993 rith sé leis go raibh
margadh ann le seirbhís a chur ar fáil ag athchruanadh
soirn iarainn teilgthe
Tar éis dó an nideog seo sa mhargadh
a aimsiú chuaigh B&G go dtí Bord Fiontraíochta
Chathair Phort Láirge ag lorg cúnaimh chun an deis
seo a thapú. D`éirigh le hiarratas an Chomhlachta
agus tugadh cúnamh dó i bhfoirm deontais, bunaithe
ar phlean cuimsitheach gnó agus ar phróiseas cruinn
agallaimh
An lá atá inniú ann solátharaíonn
B&G seirbhís athchruanaidh den chéad ghrád
nach bhfuil a leithéad le fáil áit ar bith
eile sa tír. Tá an ghnólacht tar éis
fás go horgánach agus tá teangmháil
déanta acu le comhlachtaí móra déantúsaíochta
in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Is é atá sa phróiseas ná
sean soirn de iarann teilgthe a thógaint as a chéile,
na piosaí a bhloscadh le gráin chun teacht ar an iarann
teilgthe arís agus ansin iad a athchruanadh i bhfoirnéis
ag breis agus 700 céim C. Cuirtear na páirteanna le
chéile arís ansin agus tá sorn breá
nua faighte agat.
Tá B&G tar éis bogadh ón
áitreamh a bhí ar cíos acu in Tycor go dtí
foirgneamh nua atá tógtha dóibh féin
ar an Eastát Tionsclaíochta ó Thuaidh. Is é
atá sa mhonarcha nua ná áiseanna úrscothacha
cruain agus foirnéise comh maith le hoifigí agus foirgnimh
chúntacha.
Le blianta beaga anuas tá B&G an-ghnóthach
ag athchruanadh sean-fholcadáin, mar thoradh ar éileamh
dona leithéad a tháinigh chun soluis sa mhargadh.
Tá B&G ag obair as láimh a chéile le comhlacht
sa Ríocht Aontaithe a shainfheidhmíonn i bhfolcadáin
seanda iarainn teilgthe. Déanann B&G na folcadáin
seo a athchruanadh roimh dá easpórtáil ar fud
na cruinne.
Tá seisear fostaithe go lán-aimsearach
anois ag an gcomhlacht agus tá sé ar intinn acu leathnú
amach go dtí margadhaí nua mar thoradh ar an acmhainn
nua táirgíochta acu sa mhonarcha nua. Is féidir
teacht ar B&G ach glaoigh ar 051 352150.
|