| Ní le haghaidh
cúrsaí cánach amháin an leabharchoimeád,
mar is dóigh lena lán úinéirí beaga
gnólachta. Is cuid fíor-thábhachtach ded` ghnó
é, má theastaíonn uait dul chun cinn a dhéanamh.
Tá an fhaisnéis fíor-thábhachtach, is
cuma cad é an tslí bheatha agat agus is é an
fhaisnéis airgeadais an eochair chun cinneadh maith gnótha
a dhéanamh. Ní bheidh faisnéis mhaith airgeadais
ar fáil muna gcoimeádtar na cuntais suas chun dáta
ar bhonn rialta agus go tráthúil.
D`fhéadfadh go mbeadh cabhair ag teastáil uait ó
fhear coimeádta leabhar nó ó chuntasóir
agus bhraithfeadh an cinneadh seo agat ar cé comh mór
agus cé comh casta is atá an gnó agat. Braithfidh
sé comh maith ar líon na n-idirbheart airgeadais a
bhíonn ar siúil.
Ar a laghad caithfidh tú na leabhair cuntais seo leanas a
choimeád:
Leabhar Airgid Thirim
le taifead de fháltais agus íocaíochtaí
déanta a choimeád
Leabhar an Mhionairgid
le taifead in iomlán a dhéanamh de íocaíochtaí
déanta agus airgead tirim faighte
Leabhar na nDíolachán
le taifead a dhéanamh de gach díolachán airgid
thirim agus creidmheasa - cé chuige a deineadh iad agus an
méid CBL a bhí i gceist le gach ceann.
Leabhar na gCeannachán
le taifead de cheannacháin airgidthirim agus creidmheasa
a dhéanamh agus an méid CBL i gceist le gach ceann.
Leabhar Pá/Tuarastal
le sonraí a bhreacadh síos den phá agus na
tuarastail íoctha le fostaithe agus an asbhaint chánach
i dtaobh gach fostaí.
Leabhar cúnta na Seiceanna
le taifead a dhéanamh de gach íocaíocht le
seic agus iad a anailísiú de réir a sórt
Maoiniú Airgid don Ghnólacht agat
Is dóichí dhe go mbeidh foinsí airgeadais
ag teastáil ón bhfiontraí ó fhoinsí
eile seachas a chuid pearsanta féin agus é i mbun
gnólacht a chur ar bun. Don mhionghnó is é
an foinse is dóichí ná banc nó comhar
creidmheasa. Cuireann siad airgead ar fáil i bhfoirmeacha
éagsúla ach is gnáth leo urrús a lorg
lena infheistíocht féin a chosaint.
D`fhéadfadh na bainc rótharraingt a chur ar fáil
faoi choinníollacha a ligeann do iasachtaí luainiú
ach atá mar aidhm aige caipiteal oibre a chur ar fáil
chun cabhrú le sreabhadh airgid thirim. Íoctar ús
ar an rótharraingt ach d`fhéadfadh dul i méid
na teorainn a bheith costasach. Ní mór duit cuimhneamh
air go bhfuil an rótharraingt inaisíoctha `ar éileamh`
ag an mbanc.
Is féidir gá le caiteachas caipitil a shásamh
trí iasacht téarmaí. Is ionann é seo
agus suim áirithe airgid a chur ar fáil i gcomhair
tréimhse ama áirithe agus go ndéantar é
a aisíoc ina gálaí seasta, de ghnáth
go míosúil nó gach ráithe.
Is é an difríocht is mó idir rótharraingt
agus iasacht téarma ná nach féidir i gcás
iasacht téarma aon cheann de sna aisíocaíochtaí
a ghlaoch isteach roimh am aontaithe na haisíocaíochta
ach amháin i gcás mainneachtana. Cuimhnigh, gur féidir
rótharraingt a ghlaoch isteach am ar bith is mian leis an
mbanc, fiú amháin má tá an iasachtóir
ag chomhlíonadh na téarmaí aontaithe creidmheasa.
Is féidir le ús ar iasachtaí téarmaí
a bheith seasta nó athrógach ach is gnáth le
ús ar rótharraingt a bheith athrógach
Beidh costais bhreise ar an iasachtaí leis as iasacht a shocrú,
agus maidir leis an iasacht féin beidh gá le urrús.
Ní mór a bheith in ann na ceisteanna seo leanas a
fhreagairt roimh dhul go dtí institiúid iasachtaithe
duit:
· Cé mhéid atá uait?
· Cé mhéid gur féidir leat féin
a chur isteach?
· Cén tacaíocht eile atá ar fáil
duit?
Ba chóir go mbeifeá tar éis na saghasanna
éagsúla deontas agus tacaíochtaí airgeadais
atá ar fáil do mhionghnólacht a iniúcadh.
Is fearr a bheidh tú in ann tacaíocht a fháil
ón mbanc má tá infheistíocht i bhfoirmeacha
eile agat comh maith le do chuid airgid féin. Cuimhnigh i
gcónaí, beidh an banc nó áisínteacht
stáit ag coinne le go bhfuil tú féin toilteanach
infheistíocht a chur isteach. Muna bhfuil an tionscnóir
sásta infheistíocht a dhéanamh in a ghnólacht
féin, ní féidir ansin a bheith ag coinne go
mbeadh eagraíochtaí eile toilteanach infheistíocht
a dhéanamh. Bíodh sé i bhfoirm deontais nó
iasachta.
Tá a mhalairt saghasanna de mhaoiniú ar fáil
agus ba chóir na cinn atá níos oiriúnaí
dod` ghnólacht féin a fhéachaint. Maidir le
seo tá sé inmholta sain-chúnamh gairmiúla
a iarraidh.
Foirm eile infheistíochta is ea maoiniú cothromais
agus is é atá i gceist ná airgead atá
infheistithe ag an dtionscnóir agus/nó daoine eile
mar thoradh ar scaireanna a fháil sa ghnólacht. Ní
ghnóthaíonn cothromas gnáthscaire aon ús
nó aon chostais ach leathanaíonn sé úinéireacht
na gnólachta, d`fhéadfadh smachtú na gnólachta
a bheith i gceist agus roinneann sé an brabús. D`fhéadfá
féin, do mhuintir, cairde nó daoine eile cothromas
a thógaint sa bhfiontar. Chun scair-chothromas a chur ar
bun beidh comhairle agus cúnamh gairmiúla ag teastáil
uait.
Saghasanna eile maoinithe is ea rótharraingtaí ghnó,
a úsáidtear de ghnáth chun caipiteal oibre
a chur ar fáil; nó iasachtaí téarma,
a úsáidtear de ghnáth chun sócmhainní
seasta a mhaoiniú nó le haghaidh chaipiteal meántéarmach.
Is minic a bhaintear feidhm as léasanna chun ceannach trealaimh
a mhaoiniú agus d`fhéadfaidís a bheith ina
bhfoinse éifeachtach maoinithe. Úsáidtear iad
de ghnáth chun costais fheithiclí, trealahmh, daingneáin
agus feistis a mhaoiniú.
Cineáil eile fós is ea maoiniú iasachta agus
baintear úsáid as seo le haghaidh suimeanna móra
a fháil i gcomhair sócmhainní seasta nó
maoin.
|