|
Tá cúrsaí gnótha agus an dlí
fite fuaite lena chéile agus tá sé seo tábhachtach
nuair a chuirtear gnólacht nua ar bun agus níos déanaí
comh maith.
Is é a chéad chinneadh a bhíonn le déanamh
ag fiontrí ná struchtúr na gnólachta
a dhéanamh amach. Bíodh sé a bheith ina thrádálaí
aonair, ina pháirtíocht nó ina chomhlacht teoranta.
Ta sé tábhachtach smaoineamh ar na roghanna seo agus
cabhair a lorg roimh chinneadh a dhéanamh. Is é an
rogha a dhéanann tú a chinnteoidh conas a ghearrfear
cáin ort agus na saghasanna taifid ghnótha ba chóir
a choimeád.
Léiríonn seo leanas na buntáistí agus
na míbhuntáistí ag gach rogha:
Trádálaí Aonair:
· Fuirist an ghnólacht a chur ar bun
· Is beag na rialacháin i gceist
· Is tú féin fhéinigh atá freagrach
as fiacha agus dliteanais na gnólachta
· Níl aon riachtanas ann cuntais airgeadais a chur
ar aghaidh go dtí an oifigh um chlárú cuideachtaí
le haghaidh foilsiú poiblí.
· Is féidir struchtúr na gnólachta
a athrú mar shampla ina chomhlacht teoranta.
Páirtíocht:
· Mar a chéile le trádálaí aonair
tá sé fuirist é a chur ar bun
· Deintear an fhreagracht a roinnt idir na páirtnéirí
· D`fhéadfadh sé go gcuirfeadh taithí
agus saineolas na bpáirtnéirí leis an gcur
le chéile
· Tá an fiachas neamhtheoranta agus d`fhéadfadh
na páirtnéirí féin a bheith freagrach
as na fiacha gnó
· Tá sé inmholta comhaontú páirtíochta
a ullamhú ag sonrú líon na scaireanna ag gach
páirtnéir, roinnt an bhrabúis agus an nós
imeachta i gcás briseadh suas.
Comhlacht Teoranta:
· Meastar gur aonán aonarach dlí é agus
tá an úinéireacht inaistrithe trí sheilbh
scaireanna
· Ní freagracht é ar na stiúirthóirí,
fiachas an chomlachta
· Caithfear é a bhunú ar bhonn dlíthiúla
agus fioscach
· Ní mór cuntais airgeadais agus araile a
chur go dtí An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
gach bliain de réir Acht na gCuideachtaí
Tar éis struchtúr na gnólachta a roghnú
agus tar éis tosnú ag obair, bíonn breis riachtanaisí
dlí le chomhlíonadh faoi fhostaíocht, sláinte
agus sábháilteacht, smachtú truaillithe, ioncam
agus a lán eile nach iad. Ba chóir an chomhairle chuí
a lorg chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil gach ní
maidir leis na rudaí seo in ord is in eagar.
|