| Is minic daoine nua-thagtha
go cúrsaí gnó ag déanamh an bhotúin
go gceapann siad go bhfuil an táirge/seirbhís acu comh
nuálaíoch sin nach mbeidh iomaitheoirí acu. Is
annamh is fíor é seo. Seo é an fáth go
bhfuil sé fíor-thábhachtach eolas a bheith agat
ar do iomaitheoirí. Ní mór duit na ceisteanna
seo leanas a fhreagairt:
· Cé hiad?
· Cad a thairgeann siad ?
· Cad iad na téarmaí gnó acu?
· Cad é an praghas acu?
Comh luath agus a bhíonn an t-eolas seo agat is ea is fearr
a bheidh tú in ann pictúir níos iomaíche
a ullamhú den idé gnó agat. Is maith an fhoinse
iad na Leathanaigh Órga le teacht ar hiomaitheoirí.
Is féidir bróisiúirí de tháirgí
na n-iomaitheoirí a fháil go héasca. Bíonn
siad lán de eolas agus de shonraí.
Ba chóir rannóg gnó a bheith sa leabharlann
áitiúil, ina bhfuil eolairí/iriseáin
ghnó/tráchtála le fáil. D`fhéadfaidís
seo a bheith an-úsáideach agus faisnéiseach.
Ná dearmad an t-idirlíon, má baintear feidhm
as i gceart is iontach an áis é chun taighde faoin
idé gnó agat a dhéanamh agus chun eolas a chur
orthu siúd gur féidir leo a bheith ina gcustaiméirí
agat. An lá atá inniú ann bíonn suíomh
gréasáin ag a lán gnólachtaí
idir mhór is bheag. Is mó sonra agus píosa
eolais atá le fáil ann ar na táirgí,
modh oibre, costais agus fiú amháin na custaiméirí
acu. Muna bhfuil an t-idirlíon sa mbaile agat bain úsáid
as an leabharlann, caiféanna idirlín nó fiú
amháin do chairde.
Ag an bpointe seo ba chóir go mbeadh a lán faisnéise
faighte agat. Tá gá lena hainilísiú
agus a fhéachaint go cúramach. Cuimhnigh i gcónaí
gurb é an fhaisnéis an eochair chun ceisteanna a fhreagairt
ach úsáid mhaith a bhaint aistí.
|