|
C1. Cad iad cospóirí
Bhord Fiontraíochta na Cathrach ?
C2. Cé
hiad baill Bhord Fiontraíochta na Cathrach ?
C3. Conas a
deintear An Bord a mhaoiniú ?
C4. Cad é
ról Bhord Fiontraíochta na Cathrach ?
C5 Cad iad
na saghasanna tionscadal a tugtar cúnamh dóibh
C6. Muna
bhfuil tionscadal incháilithe le haghaidh deontais an bhfuil
aon chúnamh eile ar fáil ?
C7. An bhfuil
tionscadail ón earnáil seirbhíse incháilithe
le haghaidh cúnamh i bhfoim deontais
C8.
Má`s amhlaidh go bhfuil fiontar lonnaithe lasmuigh de chathair
Phort Láirge, an féidir dó cúnamh a
fháil ón mBord ?
F1.
Is iad príomh-chospóirí an Bhoird ná
:
Chun bearna a tháinig chun soluis, sa raon
de sheirbhísí tacaíochta atá ann chun
cabhrú le tionscnaimh fhiontraíochta áitiúla,
a chur ar neamhní
Chun tionscadail mhion-fhiontraíochta
inmharthanachta a fhorbairt agus a chur ar aghaidh trí thacaíocht
díreach nó neamh-dhíreach
thar
n-ais go barr
C2. Cé hiad baill Bhord
Fiontraíochta na Cathrach ?
F2. Is ó ionadaithe toghtha poiblí,
daoine ó ghníomhaireachtaí stáit, páirtnéirí
sóisialta áitiúla agus ionadaithe áitiúla
ón earnáil gnó agus deonach atá na baill.
San áireamh sa ghrúpa deireanach seo tá ionadaithe
ón gCumann Tráchtála, ó dhreamanna áitiúla
fiontraíochta agus daoine atá bainteach le cur chun
cinn na fiontraíochta.
thar
n-ais go barr
C3. Conas
a deintear Bord Fiontraíochta na Cathrach a mhaoiniú?
F3. Cuireann Rialtas na hÉireann agus
an A.E. maoiniú ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta
2000-2006. Tá an tsuim airgid tugtha do gach Bord bunaithe
ar mheasúnú dá phlean fiontraíochta
agus ar na riachtanaisí agus deiseanna logánta
thar
n-ais go barr
C4. Cad é ról
Bhord Fiontraíochta na Cathrach ?
F4. Déanann Bord Fiontraíochta na
Cathrach na rudaí seo leanas :
Cuireann sé tacaíochtaí airgeadais
ar fáil go díreach nó i bhfoirm inaisíoctha
Tugann sé comhairle, comhairliúchán
agus cúnamh meantóireachta do dhaoine aonaracha, grúpaí
agus fiontraíochtaí nua
thar
n-ais go barr
C5.
Cad iad na saghasanna tionscadal a tugtar cúnamh dóibh
?
F5. Tionscadail ó chomhlacht, cumann, an
pobal áitiúil agus ó dhaoine aonaracha. Tionscadail
a bhfuil na tréithe seo leanas ag baint leo :
atá inmharthana ó thaobh na tráchtála
de
atá an acmhainn ann chun postanna a chruthú
gur féidir a léiriú nach bhfuil
aon ghanntanas de lucht saothair
Is é is sprioc-thionscadail ann ná tionscadail a bhfuil
an acmhainn acu suas le deichniúr a fhostú.
D`fhéadfadh nach mbeadh tionscadal incháilithe :
má tá sé ag obair cheana le
gníomhaireachtaí eile i.e. Fiontraíocht Éireann
má tá sé cuimsithe cheana
ag scéim deontais de chuid an A.E.
Ní féidir cúnamh airgeadais a thabhairt do
aon tionscadal gurb é an t-aon slí gur féidir
leis dul ar aghaidh gan chúnamh deontais ná trí
scair den mhargadh a bhaint de ghnólachtaí atá
ann cheana. Eisiann na coinníollacha seo an chuid is mó
de sna seirbhísí miondíola agus ghairmiúla
agus an chuid is mó de chomhairleachtaí.
thar
n-ais go barr
C6. Muna bhfuil tionscadal
incháilithe le haghaidh deontais an bhfuil aon chúnamh
eile ar fáil ?
F6. Tá, nuair a tugadh isteach raon
fairsing de thacaíochtaí neamhairgeadúil, chuir
sé go mór le dul chun cinn suntasach i dtacaíocht
Náisiúnta do earnáil na mion-fhiontraíochtaí.
Is féidir do thionscadal tacaíochtaí neamhairgeadúil
a fháil dála, faisnéis, meantóireacht
agus araile, fiú amháin nuair nach bhfuil cúnamh
airgead le tabhairt.
thar
n-ais go barr
C7. An bhfuil tionscadail ón
earnáil seirbhíse incháilithe le haghaidh cúnamh
i bhfoim deontais ?
F7. Is féidir do thionscadail san earnáil
seirbhíse a bheith incháilithe le haghaidh cúnamh
airgeadais má thagann siad le Plean Fiontraíochta
an Bhoird agus nach bhfuil asáitiú postanna i gceist
nó an iomarcaíocht.
Ba chóir do ghnólachtaí san
earnáil seirbhíse na critéir seo leanas a shásamh
:
Go bhfuil fíor-acmhainn fáis acu
trí nideoga fé leith a aimsiú a léiríonn
deiseanna maithe forbartha
Go mbeidh fíor-acmhainneacht sa sprioc-mhargadh le haghaidh
fás fostaíochta ach gan é sin a dhéanamh
de dhochar gnólachtaí eile i.e. gan aon asáitiú
Go gcothódh an tseirbhís nua nuáilíocht,
ceachtar acu laistigh den ghnólacht tacaithe nó laistigh
den ghnólacht a bhfuil an tseirbhís ag dul chuici.
Go bhfeabhsódh an tseirbhís nua caighdeán
an tsoláthair seirbhíse san earnáil i gceist.
D`fhéadfadh cabhrú le tionscadail
seirbhíse molta ag daoine dífhostaithe nó ag
mná ag filleadh chun oibre comh fada is gur féidir
leo nideog sa mhargadh a léiriú agus nach bhfuil asáitiú
i gceist
Gur tionscadal trádálaithe
go hidirnáisiúnta é
thar
n-ais go barr
C8. Má`s amhlaidh go
bhfuil fiontar lonnaithe lasmuigh de chathair Phort Láirge,
an féidir dó cúnamh a fháil ón
mBord ?
F8. Ní féidir, ní mór
do fhiontar a bheith laistigh de limistéir na cathrach chun
a bheith i dteideal cúnaimh ó Bhord Fiontraíochta
na Cathrach. Is amhlaidh go bhfuil 35 Bord Fiontraíochta
sa stát, gach ceann acu ag freastal ar cheantar fé
leith tíreolaíochta. Cuirfidh an Bord comhairle ar
fáil duit cé acu Bord go mba chóir duit iarratas
a chur isteach cuthu. Comh maith le sin is féidir leat dul
go dtí www.empower.ie
chun liosta cuimsitheach a fháil den 35 Bord agus an áit
bhfuil siad lonnaithe.
thar n-ais go
barr
|