|
In ainneoin an riosca tá a lán daoine
ag dul sa tseans chun gnólacht dá gcuid féin
a thionscnamh. Is mó riosca atá ann agus ní
cinneadh é le déanamh gan smaoinimh air go mion. Is
féidir na rioscaí a mhaolú ach pleanáil
chúramach a dhéanamh comh luath agus a is féidir.
Is féidir go gcabhródh an treoir céim ar chéim
seo leanas leat na ceisteanna cearta a chur agus an t-eolas riachtanach
a fháil. Maolóidh sé seo na rioscanna atá
romhat. Is é faisnéis an eochair le cinneadh a dhéanamh
agus ní haon ionadh é má`s ea go bhfuil sé
rí-thabháchtach an idé ghnótha agat
a mheas go hiomlán roimh do chuid airgid a chur isteach.
`Sea, do chuidse, mar fiú amháin má gheibheann
tú deontais nó iasachtaí is é tusa an
tionscnóir gnó is mó a théann sa tseans.
Tríd an treoir céim ar chéim a leanúint
is fearr a bheidh tú in ann cinneadh a dhéanamh má
theastaíonn uait gnólacht a chur ar bun. Má
bheartaíonn tú ar dhul ar aghaidh cabhróidh
an obair déanta leat agus tú ag cainte leis na bainc,
infheisteoirí agus áisínteachtaí stáit,
mar ba chóir go mbeadh plean cuimsitheach gnó curtha
le chéile faoin am seo.
|