|
Ní mór do tháirge nó seirbhís
ar bith gá éigean a shásamh. Muna bhfuil gá
leis ní bheidh custaiméirí ann dó. Má
dhéanann tú gá a shásamh beidh custaiméirí
agat. Caithfear ansin an táirge / seirbhís agat a
chur i láthair an chustaiméara le dul chun cinn a
dhéanamh.
Má`s ea, conas is féidir teacht ar na custaiméirí
? Bhuel caithfear a fhios a bheith agat cé hiad agus cá
bhfuil siad agus an praghas a bheidís sásta a íoc
don táirge / seirbhís. Níl ach an t-aon slí
amháin ann chun freagra a fháil ar na ceisteanna seo
- caithfidh tú bun-thaighde margaidh a dhéanamh.
· Caithfidh an gá a dhéanfaidh an ghnólacht
a shásamh a scríobh amach agus ansin má tá
níos mó ná gá amháin i gceist
liosta a dhéanamh díobh
· Cé hiad na daoine a bhfuil gá acu leis an
táirge / seirbhís. Déan liosta de sna daoine
agus na gnólachtaí. Ní mór é
seo a dhéanamh go han-chruinn
· Cad é an limistéir a dhéanfaidh tú
freastal air?
· An mbeadh go leor custaiméirí sa limistéir
sin? An gá duit dul níos faide amach agus an féidir
leat freastal ar limistéir níos fairsinge ?
Chun teacht ar chustaiméirí bain úsáid
as na Leathanaigh Órga, Eolairí Tráchtála
agus araile. Ná déan dearmad ar an idirlíon
chun cabhrú leat, áis a d`fhéadfadh foinsí
amh-ábhair, earraí agus araile a aimsiú.
· Scríobh amach liosta de sna cineáil daoine
gur féidir leo a bheith ina gcustaiméir agat
· Chun deileáil leis an liosta seo cuir ceistiúchán
gairrid le chéile le fáil amach an bhfuil gá
sa mhargadh atá roghnaithe agat leis an táirge / seirbhís
seo. Cuimhnigh, coimeád an ceistiúchán comh
gear agus is féidir
· Cuir glaoch teilefóin ar na gnólachtaí
ar an liosta agat. Mínigh do dhuine atá ar a chumas
/ cumas do chuid ceisteanna a fhreagairt, cad é atá
ar intinn agat a dhéanamh. Téir tríd an ceistiúchán
agat comh tapaigh agus is féidir agus gabh do bhuíochas
leis / léi ag an deireadh
· Anois agus na ceistiúcháin uile déanta
agat ní mór na torthaí a iniúchadh.
Déanfaidh an anailísiú seo a thaispeáint
an bhfuil gá ag an sprioc-mhargadh atá roghnaithe
agat leis an táirge/ seirbhís i gceist.
· Cabhróidh tuilleadh machnaimh agus anailísiú
leat an idé gnótha agus na margadhaí a athscagadh.
Is féidir go dtiocfá ar a mhalairt aigne i dtaobh
cad é an margadh is ceart duit, agus má`s ea ní
mór ceistiúchán nua a ullamhú agus an
taighde teilefóin a athdhéanamh.
Ar ndóigh is féidir go léireodh an taighde
margaidh nach bhfuil margadh ann dod` tháirge/seirbhís.
Tá
sé riachtanach a thuiscint cad tá á rá
ag an taighde. Cuimhnigh i gcónaí gurb ionann easpa
margaidh
agus easpa custaiméirí agus sin deireadh leis an ngnó
|