| Is é atá
i gceist nuair a dhéanann tú do ghnólacht féin
a reachtáil ná freagracht, amhantar agus b`fhéidir
luach do chuid saothair. Ní mór an cúiteamh a
chur i gcoinne an dul sa tseans. I ndiaidh a tsaoil muna gheibheann
tú atá uait an fiú an trioblóid agus an
dua. Nárbh fhearr leat ar fad fanacht mar a bhí tú
?
Ceann de sna tréithe a bhíonn ag fiontraí
is ea an t-inspreagadh tréan agus gan dabht bíonn
sé ag teastáil mar d`fhéadfadh teacht ar thorthaí
do chuid shaothair a bheith mall. Bíonn thuas agus thíos
ann i gcúrsaí gnó agus is gnáthaí
tréimhse trí bliana a bheith ann roimh aon bhrabús
a dhéanamh. Má`s ea, ina dhiaidh seo is uile má
theastaíonn uait fós dul ar aghaidh leis an bhfiontar
ní mór duit cuimhneamh ar na nithe seo leanas :
· An bhfuil tú ar thóir gustal pearsanta ?
· An bhfuil tú ag iarraidh céime ?
· An bhfuil tú ag iarraidh todhchaí an teaghlaigh
a dhéanamh slán ?
· An dteastaíonn uait a bheith i bhfeighil do ghnólacht
féinigh agus an saoirse agat do thoil féin a dhéanamh
?
· An bhfuil idé maith agat agus a fhios agat gur
féidir leat é a thabhairt i gcrích ?
Tá tú tar éis na ceisteanna a fhreagairt. Tá
sé in am liosta a dhéanamh de sna freagraí
agus iad a chur in ord a dtábhachta i dtreo is gur féidir
leat tagairt a dhéanamh dóibh i rith an phróisis
seo. Tá sé tábhachtach ní hé
duit féin amháin ach do sna bainc, áisínteachtaí
stáit agus araile a fhios a bheith acu cad é an t-inspreagadh
agat agus na fáthanna.
|